Ábhar foghlama: Ar theastaigh uait teanga téacs Gaeilge a sheoladh? Seo roinnt giorrúchán áisiúil


AN T-AON rud is féidir a bheith cinnte de is ea an t-athrach, a deir Heraclitus, agus ceann de na réimsí a bhíonn ag athrú an t-am ar fad is ea na modhanna cumarsáide.
Tagann aipeanna nua chun cinn i gcónaí, chun teachtaireachtaí agus físeáin a roinnt - TikTok, BeReal srl - agus tá deis iontach ann úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc na ndaoine óga go luath orthu trí thascanna cuí ranga atá fós spraíúil.
Mar shampla, iarr ar na daltaí comhrá scríofa a bheith acu ar an bhfón nó ar líne le duine eile sa rang faoi charachtair ó leabhar atá léite acu ar scoil, ag úsáid is fiú focail agus is féidir. Mol dóibh úsáid a bhaint as giorrúcháin, mar shampla:
GOA (gáire ós árd)
OMD (ó mo Dhia)
Grma (go raibh maith agat)
An8 (anocht)
SGF (slán go fóill)
9L (níl)
A# (a thaiscidh)