Ábhar foghlama: Cúlra agus an comhthéacs in An Triail le Máiréad Ní Ghráda

PICTIÚR: PEXELSplaceholder image
PICTIÚR: PEXELS

CÚLRA AGUS AN COMHTHÉACS (context) soisialta ina bhfuil an dráma suite.

Na seascaidí in Éirinn atá i gceist anseo. Caithfear cuimhneamh go raibh cumhact ollmhór ag an Eaglais chaitliceach ar gach gnéith den tsóchaí ag an am.

Ba bheag saoirse a bhí ag na mná ach go háirithe.  Ba mhinic a dhéantaí leatrom ar na mná agus bhí meon patrarcach i dtaobh na mban  an-choitianta ag an am. Ba pheaca mór é páiste a bheith agat lasmuigh den phósadh.

Dhéantaí an bhean shingil, torrach a imeallú sa tsóchaí. Sin mar a tharla i gcás Mháire, an príomhcharachtar.

Chuir a mathair an ruaig uirthi tar éis di a fháil amach go raibh a hiníon ag iompar clainne. Níor chabhraigh a deartháireachs, Liam agus Seán léi ach an oiread.

Tuairimi na gcomharsan is mó a bhí ag cur as dóibh, le fírinne a rá. 

Saol fothainúil, teoranta a,bhí i gceist ag an am sin in Eirinn agus bhí eagla ar na daoine roimh na sagairt. Dá dtarlófaí *scannal* sa teaghlach, bhíodh imní ar an gclann go mbéadh siad náirithe i súile an phobail. Faitíos agus eagla, bhí an dá thréith sin fite fuaite i meon na ndaoine agus ba mhinic a tharla tubaite dá bharr.

Sa chas seo, mharaigh Maire í féin agus mharigh sí a hiníon. Músclaítear bá an léitheora i dtaobh Mháire.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice