AN TRIAIL: An bhean lóistín agus mar a chaitheann sí le Máire

placeholder image

Is féidir a rá go bhfuil formhór na mban sa dráma seo míthrócaireach agus cruálach agus ní haon

eisceacht í an bhean lóistín. 

Caitheann siad go dona danartha le Máire, bean óg neamhphósta agus í torrach.

Bheifeá ag súil go mbeadh cion aici uirthi ach a mhalairt atá amhlaidh.

Cé gur admhaigh sí gur oibrigh Máire go dian dícheallach agus gur réitigh Máire go han-mhaith leis

na páistí, ní raibh an bhean lóistín sásta Máire agus a leanbh a earcú. Bhí dearcadh claonta cúng-

aigeantach aici.

I slí indíreach, chuir sí brú ar Mháire an leanbh a chur ar altramas mar bheadh náire uirthi cailín

singil le leanbh tabhartha a earcú.

Is dóigh go raibh sí ag gníomhú faoi thionchar na hEaglaise caitlicí a bhí an- chumhachtach sna

seascaidí ach ag an am céanna is bean agus is máthair í freisin agus seachas cneastacht agus

comhbhá faighimid duine cruchroíoch agus doicheallach.

Is uirthi féin agus a stádas poiblí atá sí ag smaoineamh nuair a fhagiheann sí amach go bhfuil Máire

ag tnúth le leanbh. Bhí eagla uirthi go dtarraingeodh Máire droch-chlú ar a teaghlach mar, dar léi,

bheadh an baol ann go mbeadh droch-thionchar ag Máire ar a clann féin.

Níl sí macanta ach an oiread.

Bhí an tuarastal a thuill Máire i bhfad níos lú ná mar a dúirt sí san fhógra. D’íoc sí dhá phunt is deich

scilling di seachas ceithre phunt mar a dúradh san fhógra.

Chuir sí an dallamullóg ar Mháire sa tslí sin agus is léir go raibh gliceas an tsionnaigh inti.

Chuir sí fios ar an oibrí soisialta chomh luath is a fuair sí amach go raibh Máire torrach. Fógra

seachtaine a thug sí di.

Níor shuigh sí síos i mbun cainte léi agus iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach.

Thaispeáin sí easpa tuisceana ar mheon agus siceolaíocht an duine daonna, i mo thuairim.

Bhí dearcadh agus meon na mná seo neadaithe i bhfimíneacht.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice