Fearg mar líomhnaítear gur chuir Primark cosc ar fhostaí geansaí Nollag as Gaeilge a chaitheamh

placeholder image

TÁ EACHTRA bainteach le ball foirne Primark i mBéal Feirste éirithe go mór i mbéal an phobail ar na meáin shóisialta, agus úsáideoirí ag léiriú feirge faoi coisc líomhnaithe ar gheansaí Nollag a bhfuil na focail 'Nollaig Shona' air.

Thosaigh an chonspóid nuair a tháinig tuairiscí gur cuireadh in iúl d’fhostaí Primark i mBéal Feirste nach bhféadfadh sí geansaí Fhéile a chaitheamh a bhí maisithe le teachtaireacht as Gaeilge.

De réir alt a d’fhoilsigh The Irish News: "Glaodh an banfhostaí óg páirtaimseartha chuig oifig bainisteora Dé hAoine seo caite le cur in iúl di nach bhféadfadh sí an geansaí a chaitheamh le Nollaig Shona ar an tosach."

Tuairiscíodh go bhfuil an bhean ag obair i siopa Primark i Royal Avenue i mBéal Feirste agus deirtear gur chaith sí an geansaí agus an chomhlacht ag spreagadh fostaithe éadaí Nollag a chaitheamh. Dar leis an mbean gur tugadh le fios di go mbeadh rud éigin scríofa i Spáinnis ceart go leor ach go bhféadfadh go mbeadh daoine áirithe maslaithe de bharr an Ghaeilge.

Tuairiscíodh gur fhiafraigh sí an raibh gearán déanta ag aon duine agus dúradh léi nach raibh.

Scaip an nuacht go tapa ar na meáin shóisialta, agus chuir úsáideoirí a gcuid frustrachais agus díomá in iúl faoi. D’áitigh go leor gur cheart glacadh le ceiliúradh na Nollag i dteanga dhúchais an réigiúin seachas a dhíspreagadh.

"Tá sé seo dochreidte. Tá sé seo fíor bhocht ó Primark. Tá comharthaí dátheangacha ar taispeáint go bródúil i do shiopaí ó dheas & caitheann tú mar seo le do chuid fostaithe?”, a scríobh urlabhraí do An Dream Dearg ar X.

Is pobal iad An Dream Dearg a théann i mbun feachtais ar son cearta, aitheantas agus meas don Ghaeilge, agus dá húsáideoirí.

Scríobh Ciarán Mac Giolla Bhéin, ionadaí de chuid An Dream Dearg: "Tá cinntí mar seo ag teacht salach ar threo taistil na Gaeilge i mBéal Feirste. Ní mór do Primark teacht suas".

Chuaigh Conradh na Gaeilge chuig na meáin shóisialta le rá: "Caithfidh sibh gach iarracht a dhéanamh aitheantas & meas a léiriú ar an #Gaeilge, ar phobal na Gaeilge go háitiúil, ar fhostaithe le #Gaeilge & ar bhur gcuid uaireanta le #Gaeilge.

Ó tharla an chonspóid, d’eisigh Primark ráiteas do The Irish News, ag rá: "Tacaíonn muid le hionad oibre cuimsitheach inar cheart go mbeadh fáilte roimh chách ag an obair.

"Níl aon pholasaí cuideachta ann a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge ar éadaí comhghleacaithe."

Deirtear gur chuir an t-urlabhraí leis: "Tá brón mór orainn gur tharla an eachtra seo, ba imeacht iargúlta é seo nár cheart a bheith tarlaithe, agus táimid ag glacadh céimeanna chun treoir bhreise a thabhairt dár gcomhghleacaithe ar ár bpolasaí éadaí oibre."

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice